Lord of the Dance
Súil siar ar 2020: cad atá foghlaimthe againn ón bhliain dheacair seo?
Comment

Súil siar ar 2020: cad atá foghlaimthe againn ón bhliain dheacair seo?

NOLLAIG SHONA, a léitheoirí.  Tá súil agam go bhfuil sibh go léir ar bhur sáimhín só, pé áit ina bhfuil sibh ag céiliúradh séasúr na Nollag i mbliana.

Sí an Nollaig an t-aon tréimhse amháin sa bhliain gur féidir liom sos iomlán a ghlacadh ó mo chuid oibre.

Toisc nach dtárlaíonn aon rud mór le rá ins na trí seachtainí ag deireadh bliain amháin agus tús bliain nua, is féidir liom na nuachtáin agus na meáin sóisialta a chur uaim, dearmad a dhéanamh ar an ndomhan mór, agus díriú isteach ar mo dhomhan beag pearsanta féin.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil am agam leabhair a léamh, béilte breátha a ullamhú do mo theaghlach, bualadh le cairde, agus machnamh ar gach a thárla sa bhliain atá ag teacht chun deiridh chomh maith le gach ar mhaith liom a bhaint amach sa bhliain atá romham.

I 2020, bhí rud amháin ag cur as dúinn go léir agus b’shin an víreas corónach agus an slí gur ionfhabhtaigh sé gach gné dár saol.

Sí an chuimhne is láidre atá agam ar an mbliain seo ná Leo Varadkar (a bhí ina Thaoiseach ag an am) ag caint le muintir na hÉireann ar an dteilifís Lá le Pádraig.

Dúirt sé linn go raibh stoirm ag teacht inár dtreo.  Cé go raibh gach rud ciúin in Éirinn ag an am, bhí an borradh fós le teacht.  Chuir a fhocail scanradh orm agus chun an fhírinne a rá, táim ciaptha le h-imní ó shin.

Anois, tuigim go maith go bhfuil an t-ádh dearg liom nach bhfuair mé féin nó éinne de mo chlann nó mo chairde breoite leis an víreas.

Chomh maith leis sin, tá fuíollach scóip againn inár dtig agus gan ach triúr againn á roinneadh.

Agus toisc go bhfuilim i mo chónaí faoin dtuath agus cois farraige, bhíos in ann gabháil amach ag siúl aon uair ba mhaith liom, fiú le linn tréimhse na dianglasála.

Tá a fhios agam nach mar sin a bhí ag ana chuid daoine.  Tá aithne agam ar bhean óg i mBaile Átha Cliaith atá fós ag obair ón mbaile in árasán a roinneann sí le daoine óga eile atá ag déanamh an rud céanna.

Séard a chiallaíonn sé seo ná go gcaitheann sí an lá ar fad ar a ríomhaire ina seomra leapan, áit a chodlaíonn sí istoíche.  Tá sí in ísle brí mar go bhfuil a saol chomh teanntaithe, teoranta.

Tuigim nach bhfuil aon chúis gearáin agamsa i gcomparáid lena leithéid, gan trácht ar na daoine go léir atá faoi bhrón mar gur cailleadh daoine muinteartha leo i mbliana nó daoine atá fós breoite leis an víreas.

Ach mar sin féin, braithimse uaim mo shaoirse agus spontáineacht.  Braithim uaim barróga agus teagmháil dhaonna le mo chlann agus mo chairde.  Braithim uaim mo phobal agus ócáidí pobail.

Agus braithim uaim tráthnónta sa teach tábhairne.

Roimh na paindéime, ní théinn go dtí an teach tábhairne ró mhinic, uair sa mhí nó mar sin chun bualadh le cairde, pínt a ól, agus éisteacht le ceol.

Ag féachaint siar ar anois, tá cumha orm i ndiadh na tráthnónta san a bhíodh lán de chaint agus cabaireacht.

Bhaininn súp ag an gceol agus níos fearr fós, ní bhíodh a fhios agam cé leis a bhuailfinn agus mé amuigh i measc na ndaoine.

Ní mar sin a bheidh agam an Nollaig seo.  Nollaig beag a bheidh ann i gcomparáid le blianta eile.  Ach le cúnamh Dé, ní thárlóidh sé ach aon uair amháin.

Le cabhair na vacsaíne, beimid go léir ar ais ar ár seana léim an Nollaig seo chughainn, le tuiscint nua ar an luach a bhaineann le saoirse, spontáinteacht, agus comhluadar an phobail.

Idir an dá linn, a léitheoirí, gúim Nollaig deas Aoibhinn oraibh go léir agus athbhlian faoi shonas, rath agus sláinte.

Tugaigí aire mhaith díbh féin agus más féidir in aon chor, fáiscigí bhur gclann agus bhur gcuid isteach le bhur ngcroíthe.

Má tá aon rud foghlaimthe againn i mbliana, ‘sé an pléisiúr agus an pribhléid a bhaineann le bheith in ann láimh a shíneadh amach agus teagmháil dhaonna a dhéanamh lenár ndaoine muinteartha.

Sin ceacht luachmhar a mhúin 2020 domsa agus tá súil agam nach ndéanfaidh mé dearmad air choíche.