Tá an gheimhreadh chughainn agus mar is eol d’éinne a lean Game of Thrones ar an dteilifís, ní maith an rud é sin.
Tá uimhir na ndaoine atá breoite leis an víreas corónach ag méadú in aghaidh an lae agus cheana féin, táthar ag caint faoina srianta atá le teacht.
Tá daoine aosta go bhfuil aithne agamsa orthu ag rá nach mbeidh siad sásta clutharú a dhéanamh arís más é sin a iarrfar orthu a dhéanamh.
Tá a fhios acu cé chomh deacair agus chomh uaigneach agus a bhí sé clutharú a dhéanamh i rith an Earraigh.
Ní dóigh leo go mbeidh sé de mhisneach acu iad féin a scaradh amach óna muintir, óna gcáirde, agus óna bpobal le linn aimsir dhorcha, ghruama an gheimhridh.
Tuigim dóibh mar táim sa chás ceannann céanna leo anois.
Mar is eol do chuid agaibh atá ag léamh an colún seo le tamall anois, tá scléaróis iolrach agam. Le roinnt blianta anuas, ní rabhas ag tógaint aon chógas leighis mar gur bhraitheas go maith agus bhíos in ann smacht a choimeád ar an ngalar le cabhair an chláir OMS.
Clár is ea é seo ina leantar nósanna saoil sláintiúla cosúil le bia folláin a ithe agus bia a dhéanfadh dochar duit a sheachaint, aclaíocht faoi leith a dhéanamh, agus strus a láimhseáil go h-éifeachtach.
Sin é go dtí go raibh an scanadh MRI is déanaí agam. Chonaic mo néareolaí go raibh an iomarca gníomhaíochta i m’inchinn agus mhol sí dom dul ar chógas leighis gan mhoill.
Thug sí trí rogha dom: piolla laethiúil a bhí i dhá cheann acu agus instealladh go gcaithfeá a thabhairt duit féin trí uair sa tseachtain ab ea an ceann eile.
Drugaí imdhíon-sochta is ea an dá phiolla, rud a chiallaíonn go mbeadh níos mó baol orm dá bhfaighfinn an víreas corónach. Ar dtúis, cheapas nach raibh sé ciallmhar aon cheann don dá phiolla a roghnú mar thoradh ar seo, rud a chur ísle brí orm mar gur fuath liom instealladh. (Nuair a fuaireas an diagnóis ar dtúis, bhí orm instealladh a thógaint mar chógas leighis, rud a rinne mé gach dara lá ar feadh trí bliana, mar sin tá taithí mhaith agam ar an dtionchar atá ag a leithéid ar do shaol laethiúil.)
Ach ansan, rinne mé roinnt iniuchadh ar an dtaighde a bhí déanta ar an dtrí rogha deifriúil agus séard a fuair mé amach ná go raibh fianaise ann go raibh ceann acu níos éifeachtaí ná an dá cheann eile. Ceann dos na piollaí ab ea é.
Bhí sé ana dheacair dom an cinneadh a dhéanamh ach i ndeireadh thiar thall, roghnaíos an piolla agus tosnóidh mé a thógaint an tseachtain seo chughainn.
Caithfidh mé a admháil go bhfuil eagla orm. An bhfuil an rogha ceart déanta agam?
An bhfuilim as mo mheabhair a bheith ag tosnú ag tógaint druga imdhíon-sochta ag an t-am seo, leis an víreas corónach ag dul i dtreis agus an gheimhreadh fada romhainn amach?
Ar an dtaobh eile don scéal, galar tromchúiseach is ea an scléaróis iolrach.
Is féidir leat radharc do shúl a chailliúint dá bharr nó do chumas siúil nó go leor droch rudaí eile.
Nár cheart dom an cosaint is fearr a thabhairt dom féin roimhe ar mo shon féin, ar shon mo mhac agus ar shon mo mhuintir go léir?
Sin iad na cúiseanna go léir go bhfuilim ag tosnú ar chógas leighis nua an tseachtain seo chugainn agus go bhfuilim scílithe im’ bheathaigh mar gheall ar cad atá romham.
Tá a fhios agam go mbeidh orm a bheith cúramach maidir le bheith ag meascadh le daoine. Tá gach seans ann go gcuirfear comhairle orm clutharú le linn na míosa atá romhainn amach.
Déanfaidh é an méid is féidir liom chun mé féin a choimeád slán sábhailte.
Ach mar sin féin, tuigim dos na daoine aosta atá ag rá nach bhfuil siad sásta an gheimhreadh a chaitheamh ag clutharú leo féin aige baile.
Cad is fiú an saol gan comhluadar agus cuileachta?
Is iadsan na rudaí a chuireann gliondar ar do chroí agus gáire ar do aghaidh. Níl agat ach aon saol amháin agus ba cheart duit gach seans a thógaint súp a bhaint as.
Tá sé sin fíor dúinn go léir, agus go mórmhór do dhaoine atá aosta nó breoite. Caithfimid – agus caithfidh mise – foghlaim conas saol maith a mharachtaint, beag bean ar an víreas corónach.
Muna dhéanann, beidh an gheimhreadh atá romhainn ana dhorcha ar fad.