Léigh mé alt a scrígh an t-iriseoir, craoltóir agus fuirseoir Seán Moncrieff le déanaí inar scrígh sé gur rud luachmhar is ea teacht aniar a bheith i nduine, gur rud é nach féidir a mhúineadh ach gur féidir a fhoghlaim trí thaithí saoil.
Seo rud go bhfuilimse ag machnamh faoi le tamall mar gur dóigh liom go dtástálfar pé teacht aniar atá ionainn ins na míonna atá romhainn.
Tá an chuma ar go mbeidh na míonna seo deacair.
Táthar ag rá cheana féin go gcaithfimid iarracht níos mó ná riamh a dhéanamh fanacht amach óna chéile agus sinn féin a scaradh go fisiciúil uatha siúd go mba bhreá linn barróg a thabhairt dóibh (nó croí isteach mar a deireann mo bhuachaillín beag féin).
Más fíor seo (agus tá a fhios againn go léir gur fíor), beidh an gheimhreadh fada agus lán d’imní agus uaigneas.
Beidh Nollaig na bliana seo deifriúil ó aon Nollaig eile a bhí ag éinne againn roimhe seo.
Sin é an fáth go gcaithfimid ár dteacht aniar féin a chothú agus cabhrú leothusan tímpeall orainn amhlaidh a dhéanamh. Mar bígí cinnte de: beidh cabhair uainn go léir.
Is cuma cé chomh láidir atá tú, cé chomh misniúil agus dearfach, cuireann na srianta a bhaineann leis an víreas corónach isteach orainn uile.
Beidh uaigneas orainn go léir ag amanna deifriúla amach anseo agus braithfimid uainn an saol a bhíodh againn, saol a bhí chomh réchúiseach suáilceach i gcomparáid leis an saol atá againn anois.
Mar sin, bígí cineálta libh féin. Tógaigí sos ó bheith ag éisteacht leis an nuacht (níl ann ach drochscéalta faoin víreas nó faoi Bhreatimeacht pé scéal é).
Cuirigí uaibh na meáin sóisialta agus déanaigí rud éigin a thabharfaidh faoiseamh aigne díbh.
N’fheadar cad a chiallaíonn sé sin díbhse ach i mo chás-sa, ciallaíonn sé suí síos chun leabhar a léamh, dul amach ag siúl, am a chaitheamh cois farraige, glaoch a chur ar chara nár labhair mé leo le fada, nó folcadh breá te a bheith agam roimh dul a chodladh go luath.
Is cuma cad atá ag cur isteach orm. Braithim i bhfad níos fearr ábalta dul i ngleic leis tar éis oíche mhaith codlata, am ciúin a chaitheamh liom féin, nó comhrá bríomhar a bheith agam le duine éigin go bhfuilim mór leo.
Caithfidh go bhfuil rudaí mar sin a chuireann árdú croí oraibhse chomh maith. Pé rud a dhéanann sibh i rith an gheimhridh seo atá romhainn, molaim díbh am a chur i leataobh chun na rudaí seo a dhéanamh.
Beidh an gheimhreadh dúshlánach agus beidh oraibh aire a thabhairt díbh féin má tá sibh chun teacht tríd le aigne socair, sláintiúil agus slán.
Tá comhairle amháin eile agam díbh freisin. Tá daoine amuigh ansin nach bhfuil teacht aniar láidir iontu agus daoine eile nach bhfuil sé de mhuinín acu cabhair a lorg.
Féachaigí amach dos na daoine seo. Ná déanaigí dearmad orthu.
Déánaigí an méid is féidir libh bhúr gcomhluadar a roinnt leo ins na míonna le teacht.
Má cheapann sibh go mbeidh sé seo deacair mar thoradh ar scaradh sóisialta, ní gá go mbeadh.
Is féidir glaoch teileafóin a chur orthu nó teachtaireacht a chur chuchu má úsáideann siad na meáin sóisialta. Nó is féidir litir nó cárta a chur chuchu. (Deirtear liom go ndéántar a leithéid go fóill!)
Geallaim díbh go dtabharfaidh pé rud a dhéanann sibh árdú meanma dóibh.
Nuair a bhíonn tú uaigneach agus leat féin, is bronntanas speisialta é nuair a thugann duine éigin comhartha duit go bhfuil siad ag cuimhneamh ort.
Braitheann tú nach bhfuil tú id’ aonar sa tsaol.
I rith mo shaol-sa, ní raibh sé riamh chomh tábhachtach a chur ina luí ar dhaoine gur le chéile is fearr sinn.
Le linn na paindéime seo, beidh orainn scaradh óna chéile go fisiciúil ach is é mo dhóchas ná go gcuirfidh sé iachall orainn ár dteacht aniar mar shochaí a chothú.
Ba bhreá liom daoine a fheiscint ag cabhrú le chéile an t-uaigneas agus an t-imní a shárú.
B’fhéidir go dtiocfaidh rud amháin dearfach amach as an droch am seo.
Sin é go múinfidh sé dúinn nach bhfuil aon ní chomh luachmhar leis na nascanna atá eadrainn mar dhaoine.